Ag obair ag QQI

Is féidir an nuacht is déanaí faoi fholúntais reatha a fháil ar an leathanach seo.  

Fógrófar aon fholúntas eile ar www.publicjobs.ie.  

Lean QQI ar Twitter and LinkedIn chun foláireamh a fháil faoi dheiseanna nua.

Cuirimid pacáiste luaíochta iomlán den scoth ar fáil a chuireann folláine na bhfostaithe ar thús cadhnaíochta i mbeartas na cuideachta. Táimid bródúil, mar aitheantas dár dtiomantas do thionscnaimh sláinte agus folláine, gur bronnadh KeepWell Mark creidiúnú folláine san ionad oibre orainn ó Ibec (Cónaidhm Ghnó agus Fhostóirí na hÉireann). 

Cuimsíonn ár bpacáiste luach saothair raon sochar den scoth dár bhfostaithe.   

Mar shampla:   

  • Tá ár bhfostaithe go léir ina mbaill den scéim pinsin seirbhíse poiblí. Rachaidh iontrálaithe nua san earnáil phoiblí isteach sa Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair.
  • Tacaímid agus spreagaimid eitic láidir chothromaíochta idir saol na hoibre agus saol an bhaile agus soláthraímid líon flaithiúil laethanta saoire bliantúla i dteannta le raon beartas tarraingteach. Cuimsíonn na beartais seo uaireanta oibre solúbtha, bliain oibre níos giorra, comhroinnt oibre, saoire cúramóra agus cianobair.
  • Soláthraímid pá iomlán le linn saoire mháithreachais, saoire uchtála, saoire tuismitheora agus saoire atharthachta.
  • Táimid solúbtha maidir leis an gcaoi a n-úsáideann baill foirne a dteidlíochtaí saoire do thuismitheoirí.
  • Soláthraímid saoire bhreoiteachta le pá de réir scéim saoire bhreoiteachta na seirbhíse poiblí.
  • Tá réimse seirbhísí againn a sholáthraíonn an Clár Cúnaimh d’Fhostaithe (EAP). Cuimsíonn an tseirbhís comhairleoireacht rúnda teileafóin agus duine le duine, oiliúint tuismitheoirí agus gairme agus tairseach folláine ar líne. Tá sainseirbhís eolais againn, a sholáthraíonn eolas ar ghnóthaí airgeadais, dlí, morgáiste agus tomhaltóra.
  • Coinnímid buiséad flaithiúil foghlama agus forbartha chun leanúint ar aghaidh ag infheistiú agus ag spreagadh foghlama ar feadh an tsaoil dár bhfoireann go léir. Tacaímid go láidir le cultúr na foghlama leanúnaí agus soláthraímid réimse deiseanna foghlama foirmiúla agus neamhfhoirmiúla don fhoireann. Cuimsíonn sé seo dul chun cinn acadúil agus oideachais, oiliúint agus meantóireacht. Soláthraímid saoire lán-íoctha freisin le haghaidh staidéir agus scrúduithe.
  • Cuireann ár ngrúpa fócais rannpháirtíochta foirne raon spreagúil tionscnamh i bhfeidhm don fhoireann. Ina measc seo tá ranganna aclaíochta ar líne, maidin caife, ceardlanna folláine rialta, comhairle sláinte agus cothaithe, oiliúint garchabhrach sláinte meabhrach, gníomhaíochtaí sóisialta agus an deis a bheith rannpháirteach in imeachtaí carthanachta éagsúla. Tá rud éigin ann i ndáiríre don uile dhuine!
  • Soláthraímid scéim choigilte tuarastail le Comhar Creidmheasa na Seirbhíse Poiblí.
  • Déanaimid socruithe d’ilroghanna coigilte cánach do sholáthraithe iompair éagsúla agus tacaímid leis an scéim rothaíochta chuig an obair.
  • Déanaimid socruithe d’asbhaintí árachais sláinte éagsúla agus d’asbhaintí párolla eile. 

Caidreamh muiníneach a chothú agus cumarsáid a spreagadh 

Soláthraímid timpeallacht muiníne agus rannpháirtíochta i dtimpeallacht oscailte, chomhionann agus thrédhearcach.  

Ionracas, dínit agus meas a chur chun cinn 

Geallaimd timpeallacht shábháilte oibre a sholáthar ina gcaitear go cóir agus go macánta le gach fostaí, agus le dínit agus le meas.   

Ag glacadh go fonnmhar le foghlaim ar feadh an tsaoil 

Mar eagraíocht foghlama geallaimid acmhainn ár bhfoirne a uasmhéadú trína gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt agus cultúr foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn.  

Sármhaitheas i seachadadh seirbhíse 

Táimid i gceannas ar chultúr a thugann aitheantas agus luach don ardfheidhmíocht agus don fheabhsú leanúnach. Cuirimid dea-chleachtas i bhfeidhm i mbeartais agus i gcórais acmhainní daonna atá dírithe ar na caighdeáin is airde gairmiúlachta agus bainistíochta a bhaint amach.   

Cothroime, trédhearcacht agus comhionannas a chur chun cinn san ionad oibre 

Is fostóir comhdheiseanna muid agus cruthaímid timpeallacht trédhearcachta agus cuntasachta maidir lenár gcinntí go léir. Glacaimid cur chuige réamhghníomhach a chuireann acmhainní daonna agus rannpháirtíocht foirne i gcroílár phróiseas cinnteoireachta an QQI.

04_QQIWebPattern-Certs