Féadfaidh HETAC údarás a tharmligean chuig institiúidí aitheanta chun dámhachtainí a dhéanamh faoi Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999
Ní féidir údarás tarmligthe a dheonú ach amháin ar institiúidí aitheanta chun dámhachtainí a dhéanamh. Is éard is brí le hinstitiúidí aitheanta iad sin a bhunaigh alt 3 d’Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha nó a bunaíodh faoin Acht, a chiallaíonn dá bhrí sin na hInstitiúidí Teicneolaíochta reatha (13). Forálann alt 24(2) d’Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 soláthróirí eile a ainmniú mar institiúidí aitheanta, faoi réir choinníollacha áirithe agus ordú a eiseoidh an tAire.
Féadfaidh institiúidí aitheanta a mbeidh údarás tarmligthe chucu dámhachtainí a dhéanamh ina n-ainm féin. Féadfaidh feidhm a bheith le húdarás tarmligthe i gcás gach cláir a sholáthraíonn institiúid aitheanta tráth a ndéanfaidh HETAC meastóireacht air. D’fhéadfadh tarmligean a bheith teoranta áfach chuig cineálacha áirithe dámhachtainí. Mar shampla, d’fhéadfadh institiúid aitheanta cláir a sholáthar as a leanann dámhachtainí agus a bheadh ag réimsiú ó Ard-teastas go dtí Céim Dochtúireachta ach d’fhéadfadh siad gan ach údarás tarmligthe a fháil i gcás na gclár as a leanann dámhachtainí suas go Céim Onórach agus an chéim sin san áireamh.
Tá cead tugtha do Instituídí Teicneolaíochta damhachtainí a bhronnadh ar lucht léinn an Choláiste. Tá cur síos ar statas na scéime seo le fáil ar an suíomh seo.
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain
Institiúid Teicneolaíochta Baile Bhlainséir
Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo
Institiúid Teicneolaíochta Ceatharlach
Institiúid Teicneolaíochta Sligeach
Institiúid Teicneolaíochta Tamhlacht
Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí
Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
** An updated summary of Delegated Authority (February 2010) is now available here