Gailege Bearla
 Tá tú ann: Baile
HETAC
BaileDéan Teagmháil LinnCuardachMapa an Láithreáin
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna

Tuarascáil 2006 - 2008 (11/06/2006 go 31/12/2008) cliceáil anseo
 

                                                                                 Fáilte chuig HETAC

Bunaíodh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna ar an 11ú Meitheamh, 2001, faoi Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999. Is í HETAC an comharba ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA), agus an comhlacht dámhachtana cáilíochtaí d’institiúidí oideachais agus oiliúna tríú leibhéal lasmuigh d’earnáil na n-oilscoileanna.  Is ann di do thairbhe foghlaimeoirí agus ábhair foghlaimeoirí trí: -

  • Caighdeáin a shocrú, cláir a chreidiniú agus dámhachtainí a bhronnadh ag gach leibhéal san ardoideachas agus oiliúint;
  • Trín a chinntiú don phobal i gcoitinne go bhfuil cláir árdoideachais agus oiliúna de bhreis ar leibhéal inghlactha chaighdeáin, agus go bhfuil próiséis oibiachtúil i leith dhearbhú cáilíochta i  bhfeidhm chun mianta shocaí na hÉireann agus an Phobail Idirnáisiúnta a shásamh;
  • Trí seirbhís i leith feabhsú cáilíochta a chur ar fáil do sholáthraithe aitheanta oideachais ionas go gcuirfí le méadú ar chaighdeáin ag leibhéil níos airde.

Imeasc príomhphróiséis HETAC i leith dhearbhú cailíochtaí tá: clárú soláthraithe san ardoideachas agus oiliúint, daingniú clár; atbreithniú ar institiúidí;  monatóireach chaighdeán; agus tabhairt faoi thaighde leibhéal-córais atá bainteach leis.

Trína feidhmeanna a chomhlíonadh, féachann HETAC chuige go gcuireann soláthraithe proiséis ar bun maidir le measunú foglaimeoirí atá cóir, comhsheasmhach agus oiriúnach don fheidhm, agus go guireann said nósanna imeachta an Chreatoibre Cáilíochtaí Náisiúnta, agus a bhaineann lei, i bhfeidhm.

Tá HETAC ina ball iomlán de Chomhaltas na hEorpa um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA), agus tá sí áirithe faoi láthair ar an Rolla Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta (EQAR).


                                 enqa logo small.jpg                                                                    

   

                                              EQAR.GIF                                                     

Craobhscaoileann ENQA, the European Association for Quality Assurance in Higher  Education, eolas, taithí agus deachleachtaí i réimse dhearbhú cáilíochta san ardoideachas d’fhorais dhearbhú

cáilíochta Eorpacha, d’údaráis phoiblí agus d’institiúidí ardoideachais.


 Is é aidhm atá ag an (EQAR)The European Quality Assurance Register for Higher Education  ná caighdeán ardoideachais na hEorpa a fheabhsú, trí deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí, na h-institiúidí ardoideachais nó cláir staidéir a aithint ar deineadh léarmheas cáilíochta orthu chun a chinntiú go bhfuil a gcórais dhearbhú cáilíochta creidiúnach agus iontaofa.


 

Imeachtai

Eagraíonn HETAC ceardlanna agus seimineáir d'fhoirne na n-institiúidí aitheanta agus na soláthraithe eile, d'ionadaithe mhic léinn, d'fhostóirí, do chomhlachtaí gairmiúla agus do pháirtithe leasmhara eile.

Tuilleadh eolais, cliceáil anseo

Foilseachain

Faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsíonn HETAC doiciméid folasaí  i nGaeilge agus i mBéarla.

Tuilleadh eolais cliceáil anseo

Doiciméid Chomhairleach

 

 Baile Eolas Fúinne Nuacht Foilseacháin Imeachtaí Daingniú Naisc Déan Teagmháil Linn Cuardach Mapa an Láithreáin

HETAC, Lána Deinsil, Baile Átha Cliath 2, Éire.     t. +353 (0)1 631 45 67     f. +353 (0)1 631 45 77     Séanadh

Ráiteas Phríobháideachta

CMS by WebPublish