Déanann HETAC, i gcomhreír lena polasaí ar oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht, comhchomhairle go forleathan ó thaobh fhorbairt a polasaithe agus nósanna imeachta. more...
Eagraíonn HETAC ceardlanna agus seimineáir d'fhoirne na n-institiúidí aitheanta agus na soláthraithe eile, d'ionadaithe mhic léinn, d'fhostóirí, do chomhlachtaí gairmiúla agus do pháirtithe leasmhara eile. more...
Saoráil Faisnéise
Achtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 - 2003. Thosaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise ar 21 Aibreán 1998 do Ranna Stáit agus comhlachtaí Stáit áirithe agus tháinig sé i bhfeidhm do Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna ó 31 Bealtaine 2006. Ní foláir dhá fhoilseacháin chun tacú leis an tAcht.
Ní foláir faoi Alt 15 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 do gach comhlacht poiblí lámhleabhar a ullumhú agus a fhoilsiú ina bhfuil tuairisc ghinearálta faoi struchtúr na heagraíochta, feidhmeanna, seirbhísí, rialacha agus treoirlínte, aicmí taifid atá ina sheilbh, ainmneacha na gcomhaltaí foireann an comhlachta atá freagrach as na socruithe seo a chomhall agus cearta athbhreithnithe nó achomhairc faoin Acht. Is féidir é a íoschóipeáil anseo …Alt 15 FOI
Ní foláir faoi Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna lámhleabhar a fhoilsiú a choinníonn a rialacha, nósanna imeachta, cleachtaidh, treoirlínte agus mínithe agus innéacs. Is féidir é a íoschóipeáil anseo … Alt 16 FOI
Is féidir le hiarrthóirí ar mhian leo iarratas a dhéanamh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise ar r-phost foi@hetac.ie Is féidir leat foirm iarratais a íoschóipeáil anseo... foirm