Is í HETAC an comhlacht dámhachtana cáilíochtaí d'institiúidí oideachais agus oiliúna tríú leibhéal lasmuigh d'earnáil na n-ollscoileanna. more...
Déanann HETAC, i gcomhreír lena polasaí ar oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht, comhchomhairle go forleathan ó thaobh fhorbairt a polasaithe agus nósanna imeachta. more...
Eagraíonn HETAC ceardlanna agus seimineáir d'fhoirne na n-institiúidí aitheanta agus na soláthraithe eile, d'ionadaithe mhic léinn, d'fhostóirí, do chomhlachtaí gairmiúla agus do pháirtithe leasmhara eile. more...
Ráiteas Misin
Is comhlacht poiblí í HETAC, atá cuntasach do rialtas na hÉireann agus don Oireachtas, ar ann dó chun leas a dhéanamh d'fhoghlaimeoirí agus d'fhoghlaimeoirí ionchasacha:
Trí chaighdeáin a shocrú, cláir a chreidiúnú agus cáilíochtaí a dhámhadh ag gach leibhéal d'ardoideachas agus oiliúna;
Trí dhearbhú a thabhairt don phobal go mbíonn cláir ardoideachais agus oiliúna os cionn na leibhéil tairsí inghlactha cáilíochta agus gur ann do phróisis dhearbhú cáilíochta neamhchlaonta a chomhlíonfaidh a mbíonn Sochaí na hÉireann agus an Pobal Idirnáisiúnta ag súil leis;
Trí sheirbhís feabhsúcháin cáilíochta a sheachadadh chuig soláthróirí oideachais creidiúnaithe ionas go gcuirfear le caighdeáin a ardú chuig leibhéil a bhíonn ag fáil níos airde i gcónaí.